Moncaí ón Seandomhan, dúchasach do Bhoirneo is ea an moncaí probaisc (Nasalis larvatus; Indinéisis: bekantan). Mílítheach, le caipín níos dorcha ar a cheann is droim dhorcha freisin. An t-eireaball fada, an tsrón starraiceach a éiríonn bleibeach crochta sa mhoncaí fásta. Snámhóir maith, áitríonn sé foraoisí gar d'uisce úr, agus itheann duilleoga.