Smólach atá dúchasach don chuid is mó den Seandomhan. Ceann dorcha ar an bhfireannach, spotaí bána ar an muineál is an cliabhrach scothdhearg éadrom. Áitríonn sé talamh oscailte. Itheann sé feithidí, gráinní is caora. Tuirlingíonn sé go minic ar thom, claí is mar sin de.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as
Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh
Matthew Hussey, foilsithe ag
Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.