Crann síorghlas atá dúchasach do Mheiriceá Láir ach a shaothraítear go forleathan i dtíortha eile is atá an-tábhachtach sa trádáil. Na duilleoga leathfhada; na bláthanna bándearg, iompartha i gcrobhaingí go díreach ar na stoic is ar sheanghéaga; capsúl ubhchruthach buí leathrúil claiseach an toradh, ag cuimsiú suas le 100 síol leabaithe i laíon bog. Triomaítear na síolta, róstar is meiltear iad chun púdar cócó a tháirgeadh, le húsáid i ndeochanna is seacláid. Táirgeann na síolta comhbhrúite im cócó.