Is Fine éisc iad na fiúsailéirí (Caesionidae), san ord Perciformes. Tá siad gaolta leis na sclamhairí, ach oiriúnaithe chun planctón, seachas chreiche níos móire a ithe. Bíonn siad le fáil ar sceireacha san Ind-Aigéan Ciúin.
Is éisc sorcóireacha agus sruthlíniúla iad, suas le 60 cm (24 orlach), cé nach bhaineann an líon is mó ach thart ar leath an fhad sin amach. Tá a ngialla uachtaracha insínte, agus oiriúnaithe le haghaidh planctóin a phiocadh .
Is iasc é an sclamhaire le colainn ramhar atá forleathan go háitiúil i bhfarraigí trópaiceacha. Tagann an t-ainm ó na fiacla fada cónacha tosaigh is na gialla fíoringhluaiste. Tá cineálacha de tábhachtach mar éisc bhia, ina measc an sclamhaire liath ón Aigéan Atlantach trópaiceach.