Éan mór fadchosach a mhaireann ar an talamh, dúchasach don Afraic, deisceart na hEorpa is an Áise. Is fearr leis talamh oscailte ná aon tírdhreach eile. Is fearr leis siúl ná eitilt, bíodh is go n-eitlíonn sé go maith. Itheann sé feithidí móra (lócaistí is dreoilíní teaspaigh go príomha), laghairteanna is éin bheaga.