Moileasc muirí le blaosc shainiúil droma ina bhfuil 8 bpláta cailcreach forluite. Baineann sé feidhm as an gcos mhatánach chun greamú le fo-shraith nó gluaiseacht thairsti. Cuid mhaith péirí giolbhacha in eitre timpeall na coise. An chuid is mó de na speicis in uisce tanaí.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as
Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh
Matthew Hussey, foilsithe ag
Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.