dcsimg
Image of red bootlace
Creatures » » Animal »

Ribbon Worms

Nemertea

Péist ribíneach ( Irish )

provided by wikipedia GA
 src=
Péist ribíneach fásta

Is éard is péist ribíneach ann ná péist leacaithe sheadánach. Faightear na hainmhithe fásta i stéig veirteabraigh. Bíonn an ceann ceangailte le slabhra teascán, a dhéantar trí bhaclú.

I dtimthriall a beatha bíonn staid larbhach a chaitheann sí in óstach idirmheánach a itheann an t-óstach deireanach. Deirtear gur inmhíolú é nuair a bhíonn péist ribíneach ina cónaí i stéig an óstaigh.

Tá gnéithe éagsúla a inmhíolaíonn an duine, ceann acu a fhásann chomh fada le cuid mhaith méadar, fiú. Ní chuireann sí tús le haon ghalar suntasach, ach is míthaitneamhach do dhuine í a bheith ann. Tá ceann a inmhíolaíonn muca is a chuireann tús le galar hiditíde, ionfhabhtú orgán éagsúil, go príomha ionfhabhtú an ae a dhéanann cisteanna ann, i ndaoine a itheann an mhuiceoil sin. Tá péisteanna ribíneacha a inmhíolaíonn madraí, cait, caoirigh, fiú éisc.

 src=
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
 src=
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


license
cc-by-sa-3.0
copyright
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visit source
partner site
wikipedia GA