Planda ard ilbhliantúil, dúchasach don leathsféar thuaidh. Na duilleoga maothánach bosach nó roinnte go mín. Na bláthanna gorm, go hannamh bándearg nó bán, gach ceann le spor cónach, iompartha ar spící fada feiceálacha. An-choitianta mar mhaisiúchán, ach cuimsíonn sé alcalóidigh nimhiúla, agus tugtar deilfinin ar cheann acu sin.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as
Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh
Matthew Hussey, foilsithe ag
Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán
Gaeilge a dhéanamh.