Crann ard fadsaolach duillsilteach, dúchasach do thuaisceart na hEorpa, na hÁise is Meiricea Thuaidh. Imíonn an choirt go sainiúil i screamhóga chun paistí móra bánbhuí nó bándearga a léiriú. Na duilleoga i maotháin bhosacha, na ceanntorthaí ina liathróidí crochta a fhanann ar an gcrann i rith an gheimhridh. Is hibrid é plána Londan atá frithsheasmhach i gcoinne aeir thruaillithe agus a fhástar go forleathan ar shráideanna cathrach.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as
Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh
Matthew Hussey, foilsithe ag
Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán
Gaeilge a dhéanamh.