Luibh théagartha a fhásann níos airde ná 2 m, dúchasach do thuaisceart is oirthear na hEorpa agus lár na hÁise. An gas cuasach, na duilleoga roinnte i nduilleoigíní ubhchruthacha suas le 15 cm ar fhad ar ghais le bunanna borrtha, na bláthanna beag scothghlas/bán, bailithe le chéile in umbail mhóra chruinne. Úsáidtear na bláthghais chriostalaithe mar bhlaistiú. Faightear ola chumhra ó na fréamhacha a úsáidtear i gcumhráin agus licéir luibhe cosúil le Chartreuse.