Tom nó féithleog adhmadach atá dúchasach do Mheiriceá Thuaidh, planda an-athraitheach. Na duilleoga le 3 dhuilleoigín, mín is snasta nó giobach, fiaclach nó maothánach. Na bláthanna bán. Na plandaí a fhoirmíonn toim ingearacha, le duilleoga barrmhaola maothánacha, cosúil le duilleoga darach. Tugtar dair nimhe orthu sin, agus glacann cuid de na saineolaithe leo mar speiceas difriúil. Táirgeann siad uile roisín a chuimsíonn an ceimiceán úraiseanól, atá nimhiúil don tadhall agus a chuireann tús le deirmitíteas dian. Tá sé do-ghalaithe agus is féidir é a iompar ar éadaí, ithir, fiú i ndeatach. Mar sin, is féidir leis a dhrochiarmhairtí a oibriú i bhfad ón bplanda féin.