Artrapód bídeach uisciúil. Tá foirmeacha a mhaireann go saor an-fhlúirseach san iliomad gnáthóg muirí is fionnuisce, ag déanamh naisc bhunúsaigh sa slabhra bia trí mhionphlandaí planctóin a ithe. Timpeall 9,000 speiceas sa bhfo-rang, cuid mhaith díobh comhthíosach le grúpaí eile ainmhithe nó seadánach orthu.