dcsimg

Leadán ( Irish )

provided by wikipedia GA

Planda mór docht colgach ilbhliantúil a fhásann go dtí 2 m. Dúchasach don Eoraip is an Mheánmhuir. A ghas ar uillinn. Na duilleoga i gcnota, leathfhada nó éilipseach, a fhaigheann bás tar éis bliana. Na duilleoga ar an ngas caol, ina bpéirí, cónasctha ag a mbun chun cupáin lán d'uisce a dhéanamh. Na bláthanna an-bheag, bán nó liathchorcra, i gcinn ar mhéid is cruth uibhe, agus iad timpeallaithe le brachtanna cuaracha deilgneacha. Bíonn brachtanna righne ar chinn an leadáin shaothraithe, leadán Fuller, agus úsáidtear iad chun an bruth a thógáil ar éadaí. Bheadh na brachtanna ar an leadán fiáin rósholúbtha chuige sin.

 src=
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
 src=
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


license
cc-by-sa-3.0
copyright
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visit source
partner site
wikipedia GA