Is ainmhí mór é an goraille. Mamach atá ann. Is é an goraille an príomhach is mó ar domhan sa lá atá inniu ann. Tá na goraillí le fáíl san Afraic, sna dufairí i lár na hilchríche. Tá idir an dá speiceas faoi bhagairt. De ghnáth bíonn na fireannaigh 165–175 ceintiméadar ar airde agus bíonn na baineannaigh tuairim is 1.4 méadar ar airde.