Rang moileasc muirí feoiliteacha, ina bhfuil oiriúnú sainiúil don cheann-chos ina fáinne adharcán, le súiteoirí nó crúcaí, a shnámhann trí scairdeanna uisce a stealltar amach ó thonnadóir. An béal le gob cumasach, de ghnáth; na súile forbartha go maith de ghnáth freisin. Cuimsíonn an rang seo an t-ochtapas, an scuid, an cudal, an nátalas, agus grúpaí móra atá imithe in éag is iontaisithe: na hamóinítí, na beilimnítí is eile.