Ainmhí ilcheallach le colainn gan aon eagrú i bhfíocháin is orgáin. An cholainn pollta ag córas casta feadán inmheánach a dtiomáineann cealla lasctha uisce tríothu. De ghnáth téann uisce isteach trí phóir (ostia) agus téann amach trí phóir níos mó (oscula). Itheann sé trí bhia a scagadh ón uisce taobh istigh de chóras seo na gcanálacha. Go minic tacaíonn creatlach de struchtúir mhianraithe bhídeacha bhioracha (spícíní) nó de shnáithíní orgánacha leis an gcolainn. Faightear den chuid is mó é sa bhfarraige, idir an crios idirthaoide is an duibheagán, ach uaireanta in uisce úr.