Leontopodium nivale foscpeic.
alpinum sna h
Alpa i dtuaisceart na h
Iodáile
Planda ailpíneach ilbhliantúil, dúchasach do shléibhte oirdheisceart na hEorpa, is ea an edelweiss (Leontopodium nivale), é den chlann chéanna leis an nóinín is an caisearbhán. Fásann sé suas le 20 cm ar airde. Na duilleoga lansa-chruthach nó spúnógchruthach, le brat dlúth gruaigí bána lomracha, leata i gcoinne an dromchla. Na bláthchinn buí/bán, eagraithe i gcrobhaingí maolcheannacha, timpeallaithe le brachtanna lomracha réaltacha bioracha ag leathadh amach.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as
Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh
Matthew Hussey, foilsithe ag
Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán
Gaeilge a dhéanamh.